Tuireamh Mhic Finín Duibh

Chónaigh Mac Fhinín Duibh i gContae Chiarraí lámh le Neidín. Cara mór ab ea é le Diarmuid na Bolgaí Ó Sé, file aitheanta sa taobh sin tíre. Sa bhliain 1809, thug Mac Fhinín Duibh cuairt ar a dheirfiúr Lucy Brown i Luimneach. Oíche ansan dó, baineadh tuisle as a chapall, leagadh an marcach agus maraíodh é. Tamall tar éis a bháis, chuir a dheirfiúr Lucy gairmscoile amach ag tairiscint deich bpunt don fhile is fearr a cheapfadh marbhna dá deartháir. Cúigear a chuir isteach ar an gcomórtas. Duine acu san ab ea Diarmuid na Bolgaí, cé nárbh é a ghnóthaigh an duais. Is é an tuireamh a chum Diarmuid na Bolgaí a cantar anso.
Bhailigh A.M. Freeman an leagan seo ó Pheig Ní Dhonnchadha, agus ba é Seán ó Riada a thug chun tosaigh arís é nuair a chóirigh sé é do Chór Chúil Aodha i 1967

Foinse: Ceol & Cibeal Chúil Aodha (fé stiúir Pheadair Uí Riada)

M’osna tri luimneach, Connacht, agus Cléir le cumha,
Go Corcaigh na loingeas, agus thar tonnaibh dhá dtéinn de shiúl,
Ár gcróbhaire coimhthígh, fear ionaid na laoch ‘fuair clú,
Go tearmann luige agus na cruinne go léir san úir
San úir ó

San úir ó cuireadh binn bhuartha agus scéimh na Mumhan
Go dubhach gach duine agus gur imigh ár gcléir bunoscionn,
Ár ngúistís coimthígh, ár mbreitheamh a réidheadh ár gcúis
Ár gcaraid, ár gcuspa, ár gcoiste agus ár laoch ‘fuair clú
Clú ó

Clú agus ceannas bhí agat ón Rí nglórmhar,
A bhí ar do ghlacaibh i ngan fhios do Rí Cóige,
Níl tuath ná cathair fé bhrathaibh ag Rí Seoirse
Ná gur dubhach an teaspa is a mbailte go síor bhrónach
Brónach ó

Is brónach atuirseach ó Chreachain go Léim Lárach
‘ S is buartha Banba ó Chaiseal go Béal Bearnais
Tá dúthaigh Chairbre ar lasadh gan scéimh áthais
Is mo dhubhach Rath Canna gur cailleadh ár laoch láidir
Láidir ó

Ba láidir coimhthígh ár gcuspa is ba leathan lúfar
A mharcaigh na gcumann, go gcritheadh an talamh fútsa
Ní raibh eagla dlithe ná clipeadh ar do bhaile dhúchais
Ach id charaid mar Oscar a chuireadh na creacha ar gcúlaibh
Ar gcúl ó

Ar gcúl a dtaxanna deacair is iarsmaí Mumhan
Ba réiteach ceasna do lagaibh aniar a thrunk,
Is ba ghreann le caraid a maireadh in iarthar Mumhan
Do gháire leathan, a mharcaigh na gcliar mo chumha,
Dubh ó

Is dubh dorcha fé scamaillaibh to na spéartha chugainn
‘ S nil easpa ná uireasa ar chnocaibh ná ar shléibhte dubha
Ach ar éagan an rí gur mhinic an t-éirleach súl
Is m’osna trí luimneach tusa go doimhin san úir

Advertisements
Ranganna: Amhránaíocht. Clibeanna: , . Buan-nasc.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s