Seothó-leó, a Thoil

Foinse: Cú Cú Ín (Máire Ní Cheocháin)

A éigse an aitis ó Chaiseal go Bóinn,
Is gach n-aon den aicme nárbh aithin mo threod,
Éistíg feasta lem’ theagasc le meon,
Agus féach mar a caitheadh an ainnise im’ threo!

Cúrfá
Agus seóthó leó, a thoil, ná goil go fóill.
Seóthó, a thoil, ná goil aon deoir.
Seóthó, a linbh a chumann ‘s a stór
Atá a’ sileadh na súl agus do chúm gan lón.

Agus cad a dhéanfad feasta le daltha dod’ shórd,
Gan braon im’ ballaibh ná beatha bhog shóil?
Éist, a linbh, agus tearman gheobhair,
Mar tá gréithre maithe agam beartaithe id’ chóir

Cúrfá

Agus b’fhearra liom cácaí fáiscthe á beoir,
Nó dá n-abrainn árthaí lán d’fhíon leo,
Banalthra bhláth-bhínn bhán chíoch óg
Ná duanaireacht folamh le file dem’ shórd.

Cúrfá

Advertisements
Ranganna: Amhránaíocht. Clibeanna: . Buan-nasc.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s