Faiche Bhreá Aerach an Cheoil

De réir Bess Cronin, scríobh Seán Máistir Ó Conaill, chomh maith leis An Cúil Duibh Réidh, ach bréágnaíonn Gael na nGael í ina leabhar Seanchas Pháraig Í Chrualaoi. Deireann sé ná fios dó cé a chum ach ag moladh ceantar na Bandan a bhí an fileagus ag trácht ar tuairín beannaithe i gCinn Eith, thart ar 9 mhíle ó Dhroichead a’ Banndain. Thóg na haingeal an tuairín seo thar oíche ach chonaic bean áirithe an tuar dá thógaint agus cuireadh deireadh leis an obair.

Foinse: The Songs of Elizabeth Cronin (Dáibhí Ó Cróinín)

Mo shlán thar lear chun mná ‘gus fear is gach áitreabh le chéile,
ó fhágann sé an Gaorthaidh go Bríd;
Is mo shlán chun na háite úd ná feicim féin in aon chor,
mo shlán chun an méid úd sa chill!
Mo shlán chun na habhann gan cham gan chuise!
Is mo shlán chun na Bandan – is mó leabhar breac inti!
Mo shlán chun an teampaill úd Ard na Cuilce!
Mo shlán chun gach stáid-bhruinneal óg!

A impire na páirte, tabhair slán sinn ón méid seo,
ó tharlag i gcéin seal sa bhall!
Bíonn rás ann gach lá ‘rm a’s mná liom go taodmhar,
gan fáilthe, gan féile gan greann.
Ní stadfadsa den stáir sin go Clár gear na Momhan,
Mar a labhraidís na mná liom is a’ gáire liom le fonn.
Cead síneadh síos lem’ cáirde gaoil go brách insan úir
atá ar faiche bhreá aerach an cheoil.

A’s is breá an áit ná Phoebus nuair a théann sí chun síoraigh,
bíonn lonradh na soilse ‘na cló.
Mar shaothar na naomh gheal do deineadh insan oíche,
gan stáitse gan bíoma, gan bórd.
Gach n-aon dá dtigid chun a gcurtha bíonn a bpeacaí scurtha in am,
Agus daíll go bhficid fruig do phiocadh tar éis a dtruis ann.
Lucht maidí croise brúite briste is ró-bhreá rithid stang
ar faiche bhreá aerach an cheoil.

Bíonn a’pluma dubh ‘s a’ t-áirne go h-ard ar na craobhachaibh
agus úlla ar bharr géaga na gcrann.
An chuaichín ba shuairc bhinn a’ labhairt insa Ghaorthaidh,
is fuaim ‘ci go h-aerach sa bhall.
Bíonn fiolar ann ‘s an chuach ar barr gach bile;
An druide agus an seabhac ar a’ gcrann thall ‘na gcoinnibh;
An smóilín bhinn a’ labhairt ann gach am lena binneas,
ar faiche bhreá aerach an cheoil.

Bíonn an gadhar ann chun fiaigh agus an fia rompu ar saothar,
agus marcaigh ‘na ndiaidh siúd ar seol
Trí chnocaibh trí choillthibh, trí ghleanntaibh gan staonadh,
chun gur síneadh é ar taobh Leacain Mhóir.
Bíonn ceol agus rince ann, bíonn aoibhneas is spórt,
Agus imríd poc báire go sásta ar a’ gcóir.
Is mó bhruinneall mhodhail mhúinte agus ógánach óg
atá ar faiche bhreá aerach an cheoil.

Advertisements
Ranganna: Amhránaíocht. Clibeanna: , , . Buan-nasc.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s