An Leipreachán

Foinse: An Bóthar Ó Thuaidh (Scéim Aisling Gheal)

Ar mo thaisteal dom aon oíche amháin ag gabháil dom síos trí ghleann
Cé chífinn uaim ach leipreachán is é fé scáth na gcrann,
Bhí tic-teaic-tic ar bhróig aige ‘s an bróigín ar a ghlúin,
Ó do thosnaigh mé ag magadh fé, ach bhí sé ag magadh fúm.

Ansúd ar bhínse glas den fhéar bhí an claidhre beag ‘na shuí,
‘Na chóitín crón ‘s a bhríste glún ‘s an chrúicín lena thaoibh,
Go h-éasca ciúin do dhruideas leis – do bhí sé agam dar liúm,
Ach is aibidh glic bhí an tsúíl aige, is bhí sé ag magadh fúm.

‘Dia dhuit’ ar mé ‘a fhirín bhig, scaoil chugam do phróca óir’,
‘Tá an t-ór’ ar sé ‘ag síbhean úd ‘na seasamh ar an bhfód’,
Do dhearcas uaim anso ‘s ansúd, is d’iompaíos ar mo chúl,
Ó do phreab sé uaim seacht bpéirse glan, is bhí sé ag magadh fúm.

‘A dhailtín bhig do screadas air, ‘Ná h-imigh uaim go fóill,
Ach tabhair dom braon as an gcrúsca sin ‘s ní bhfacfad led’ chuid óir’.
‘Ha-há, ha-há’ do gháir an leaid de ghlóirín bídeach ciúin,
‘An t-ór ná an t-ól ní thabharfad duit’! is bhí sé ag magadh fúm.

Advertisements
Ranganna: Amhránaíocht. Buan-nasc.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s