Foighid

leis An Suibhneach Meann

Tuigim
nach dtig liom
blátha na Bealtaine a bhailiú
i ngort an gheimhridh
ná sméara a bhlaiseadh
ins na Faoillí.

Tuigim
go mbíonn a uain
ag an uile ní.

Fillfidh na fáinleoga
fillfidh an chuach
beidh an traonach le cloisint arís
ó chuibhreann ghlas
cois abhann.

Cad chuige mar sin
nach dtuigim
an chiall atá le foighid?

Advertisements

M’Athair

An Suibhneach Meann

Chuir sé a mhallacht
ar na luchóga móra
nuair a d’oscail sé béal an phoill,
ach labhair na cnapáin gheala
ar an ghrian is laetha meala
is ar fhéile chaoin an fhómhair,
is an taod ann, thráigh gan mhoill

“Caith amach
na rudaí fabhtacha”,
ar nós cuma liom a labhair,
is shocraigh eadrainn an chliabh.
Ansin chuaigh sé ar a athghlúin,
is bhí an deabhóid ina ghnúis.

Chímse a lámha gágacha
go fóill san fhómhar,
ag aistriú toradh a shaothair
ó chréafóig go cliabh.

“Tá an chré glan” a deireadh sé,
is b’fhíor dó, ar ndóigh,
nó is naofa an fód
a luíonn air
sa reilig thiar.

Do Dhealbh Naomh Gobnait

le Seán Ó Tuama

Dá mbeifeá ar do chois arís a Ghobnait,
an siar a raghfá?
Domhnach na Cincíse chuamar-na siar
sa chill ‘nar adhrais
Is d’aimsíomar cloch-shuite tú ar cúl
na gcarraig aitinn,
Geanc-bhean mhúirniúil deilbhe ad’ ghriana
féin le taitneamh,
Gan col le gramaisc póite, le hoilithrigh
na rincí fada,
Le lucht pinginí a chnósach, tré mhion-chalaois,
ar scáth an mhairbh,
Ná le hainniseoirí an neadhóchais: Le gach cearc-dhuine
i gcomharsanacht do chille
Shamhlaíonn breille-chlis fir méaracáin
le heilit-chroí na Spride,
Shalaíonn an lasair thine a rincfeadh paidir
Fós ‘na mbéalaibh.
‘S ar Dhomhnach na Cincíse ná canfadh glór
ach gósta garbh-Bhéarla.

Dá mbeifeá ar do chois arís, a Ghobnait
an siar a raghfá?
Domhnach na Cincíse chumar-na siar
sa bhall caillte
‘S ní bhfuaireamar romhainn ach mar fhágamar sa bhaile
in ár ndiaidh.
Lucht tógtha is lucht adhartha dealbh folamh
Nach é a mian
Aon Ghobnait theacht inniu le h-ainmhí
ar ceann a téide
Ná tuigid; is ná tuigid fós go cruinn
a phraghas san aonach.
Dia linn is Muire, a Ghobnait na Cille, is féach
Gur deacair bheith foighneach
Le críostaithe ciallmhara cloch-réasúnaíocht nach eol
dóibh riamh aon taibhreamh-
Íochtar na cine a shanntaigh go págánta ar a dteangain
gach deor is dríodar
De bhuíochán na bhfiormaimint; ‘s gur doirteadh chúchu
feoil na físe,
Seacht gcinn d’fhianna bána ag eitilt rompu
tríd an oíche.

An Cailín Donn Deas

Foinse: Ceol & Cibeal Chúil Aodha (fé stiúir Pheadar Uí Riada)

Is bean tú ‘baint luachra, a chailín donn deas
Is ea is mé in uaigneas, is é deirim leat
Sláinte saoil chughatsa, a chailín donn deas
Gura céad mairir slán is é deirim leat
Gura céad mairir slán is é deirim leat.

Is breá bog an dá láimh ort, a chailín donn deas
Is usaide iad a fháisceadh, is é deirim leat
Sláinte saoil chughatsa, a chailín donn deas
Gura céad mairir slán is é deirim leat
Gura céad mairir slán is é deirim leat.

Is breá bog an dá chíoch ort, a chailín donn deas
Is usaide luí orthu, is é deirim leat
Sláinte saoil chughatsa, a chailín donn deas
Gura céad mairir slán is é deirim leat
Gura céad mairir slán is é deirim leat.

Cé hé siúd ar an gnocán, a chailín donn deas?
Ní raibh carraig riamh gan préachán, is é deirim leat
Sláinte saoil chughatsa, a chailín donn deas
Gura céad mairir slán is é deirim leat
Gura céad mairir slán is é deirim leat.

Cá gceanglód mo stocán, a chailín donn deas?
Ní raibh coill riabh gan stocán, is é deirim leat.
Sláinte saoil chughatsa, a chailín donn deas
Gura céad mairir slán is é deirim leat
Gura céad mairir slán is é deirim leat.

Is bean tú a chaill do náire, a chailín donn deas
Rud a dhein mo mháthair, is é deirim leat.
Sláinte saoil chughatsa, a chailín donn deas
Gura céad mairir slán is é deirim leat
Gura céad mairir slán is é deirim leat.

D’imigh sé léithe, an cailín donn deas
‘S an léirscrios a dhein sé, ní féidir teacht as.
Sláinte saoil chughatsa, a chailín donn deas
Gura céad mairir slán is é deirim leat
Gura céad mairir slán is é deirim leat.

Bearta Cruadh

Máire Bhuí Ní Laoghaire

Fonn: Na Bearta Cruadh

Foinse: Filíocht Mháire Bhuidhe Ní Laoghaire (An t-Athair Donncha Ó Donnchú)

Tráth go déanach a ghabhas liom fhéinigh
Trasna caoltha ar dhrúcht dam,
Bhí lonnradh ó Phoébus gan smúit gan éclips
Ag teacht go réghlan chughainn-ne;
Bhí cantain éanlaith ar bharraibh géaga
Is ar linn bhí éisc ‘á múscailt
Nuair a dhearcas taobh liom an chúilionn mhaorga
Chuir saighead trím thaobh le Cúpid.

Gheobhair machaí lán’ uaim do bhuaibh le háireamh
Gan chíos gan cháin ag glaoch ort,
An cupa, an pláta go rithfá rás leo
Is a dtabhairt id láimh gan bhaochas,
Do gheobhair an fhánne thug Fionn sa tsnáimh leis
Chun bheith gach lá ar do mhéaraibh,
Is gheobhaidh tú, a uanaigh, gach ní dá ndúirt leat
Ach na beart crua so réiteach.

Is gheobhaidh tú, a mhaoinigh an tsleagh chinn faobhair
bhí ag Aicil chuítheach éachtach
Le barra puínte do threascair faoinlag
Hector graoí ‘sa Trae thoir,
An bhratuinn shíoda a bhí casta timpeall
Ag teacht thar tuinn ar Hélen
Is gheobhaidh tú, a uanaigh, gach nídá ndúirt leat
Ach na bearta crua so réiteach.

Do gheobhair, a stóraigh, na luana cróga
Bhí i ndaingean cheoidh ‘sa Léin Loch,
Is an claidheamh chinn óir nár gheallas fós duit
Thug Tailc Mhac Treóin go hÉirinn,
Do gheobhair an t-ubhall uaim do phléidheadh idir thriúr ban
Is bhuadhadh sa chúirt le Vénus,
Is gheobhaidh tú, a uanaigh, gach ní dá ndúirt leat
Ach na bearta crua so réiteach.

Do gheobhair, a stóraigh, an práisléad órga
Do tharraing geoin is éirleach
I gcaitheamh chomhraic ‘sa bhFrainc ag Bóna
Is ag Laoiseach mór gur traochadh,
Do chuaigh faoi sheol insa Spáinn le fórsa
Is d’fhág ag feochadh céad fear
Is gheobhaidh tú, a uanaigh, gach ní dá ndúirt leat
Ach na bearta crua so réiteach.

Gheobhair an cochall draíochta bhí ag an tsíbhean
Gurbh ainm Clíodna, an réilthan,
A thug le díogras dá céile caoine
Is do cheil a gnaoi ar na céadthaibh;
Do gheobhair an Fleece uaim is ní ná hinnsim
Thug Jason ‘na luing don Ghréig leis,
Is gheobhaidh tú, a uanaigh gach ní dá ndúirt leat
Ach na bearta crua so réiteach.

Is gheobhair an bhó uaim a bhí i Beótia
Is Argus mór ‘a haoireacht,
Do bhí aici clover is togha na córach
Do thit le ceol Orpheus,
Gheobhair Bran is Sceolán a leagadh lóthairt
Is dheineadh spórt don Fhéinn seal
Is gheobhaidh tú, a uanaigh gach ní dá ndúirt leat
Ach na bearta crua so réiteach.

Gheobhair capall Dhomhnaill ná hiarrann feoise
Is ná itheann lón ná béile
Is tréan la fórsa do bhuailfeadh bóthar
Faoi scamall cheoidh sa Léin Loch,
An londubh ceolmhar ón gCarn Chrón uaim
Is athach mór na gcaora
Is gheobhaidh tú, a uanaigh gach ní dá ndúirt leat
Ach na bearta crua so réiteach.

A chúilionn mhaordha is mó geallúint bhréagach
‘Á thabhairt ‘od bhéal gan bhunús duit
Is gan ceangal cléire le fear ná claonuigh
Is gheobhair an chraobh mar Úna;
Dá ngeallfadh Éire ‘na fódaibh caola
Is í thaibhairt gan phléidhe gan siúit duit,
Is mo chomhairle déin-se is ná creid na réice
Is le fear dá chéird na cionntaigh.

Seó Leó, A Thoil

Máire Bhuí Ní Laoghaire

Foinse: Filíocht Mháire Bhuidhe Ní Laoghaire (An t-Athair Donncha Ó Donnchú)

Mo ghraidhin go bráth thú, a pháistín óig
Mar taoin tú buartha suaite dreoil
Má thigheann tú liomsa gheobhair fothain is cóir
Agus gheobhaidh tú duais nár luadh leat fós-
Agus seó leó, a thoil, agus ná goil go fóil.

Go gheobhair chun bainne uaim macha breá bó,
Agus gheobhaidh tú an tarbh chun slasaithe leo,
Gheobhair na capaill chun branair is romhair,
Agus do gheobhair fíón dearg is a mhalairt ar bórd-
Agus seó leó, a thoil, agus ná goil go fóil.

Gheobhair an clogad san sciath ón Amadán Mór,
Agus gheobhaidh tú an t-ubhall ón gcúilfhinn óig,
Gheobhair an gadhar ba mheirige seol,
Do cheangail an laoch a héill ‘na dheoidh-
Agus seó leó, a thoil, agus ná goil go fóil.

Gheobhair an corn fí dheochanna sóil
Do chuireadh an draíocht ar na mílte slua,
Do gheobhair an chathair úd Dhún an Óir
A bhí ag an gGruagach Mór chun spóirt-
Agus seó leó, a thoil, agus ná goil go fóil.

Gheobhair an lomradh do foilceadh le hór
Thug Jáson ‘na luing thar tuinn ar bórd,
Gheobhair na capaill fí bhratannaibh sróill
Ó mhac rí an Deirg cé gur fada dhó id chóir-
Agus seó leó, a thoil, agus ná goil go fóil.

Gheobhair Máchromtha gan dabhat chun bróg,
Agus gheobhaidh tú an Droichead chun provision lóin,
Gheobhair Baile Átha Cliath chun fiaigh is spóirt,
Agus gheobhair chun stuiceanna Luimneach mór-
Agus seó leó, a thoil, agus ná goil go fóil.

Gheobhaidh tú Béara chun éisc ar bórd,
Agus gheobhair an margadh leathan fí feoil,
Gheobhair na cuanta fí bhrádaibh seoil,
Agus gheobhair Uíbh Laoghaire chun sméar is cnó-
Agus seó leó, a thoil, agus ná goil go fóil.

Ar an mbiain seo chughainn beidh búir fí bhróin
Is cathair is dún gan smúit gan cheo;
Do gheobhair-se ní nár mhaoidheas ort fós
Is í iníon an Diúic id chlúid chun spóirt-
Agus seó leó, a thoil, agus ná goil go fóil.

Ná goil a thuille agus ná feicim do dheoir,
Mar beid siúd scriosta shar a dtigidh an fómhar;
Beidh a súile ag sileadh agus briste ar a nglór,
Is a gcóistí ‘gainn-ne ‘na ngliugaram spóirt-
Agus seó leó, a thoil, agus ná goil go fóil.

Máire Bhuí Ní Laoghaire

Réamhrá le ‘Filidheacht Mháire Bhuidhe Ní Laoghaire
Donncha Ó Donnchú

Ar Leacain na Gréine

Fáinne An Lae

Maidean Mhoch Ar Leabaidh Bhoig

Bearta Crua

Seó Leó, A Thoil

An Búrcach

Tuireamh Sheáin de Búrc

Caoineadh Sheáin De Búrc

Cath Chéím an Fhia

Caoineadh ar Liam Ó Rinn

An Crúiscín Lán

A Mháire Ní Laoghaire

Tá Gaeil Bhocht Cráite

‘Sé mo Bhróinchreach

A Dhiarmuid Uí Laoghaire