Maidean Mhoch Ar Leabaidh Bhoig

Máire Bhuí Ní Laoghaire

Foinse: Filíocht Mháire Bhuidhe Ní Laoghaire (An t-Athair Donncha Ó Donnchú)

Maidean mhoch ar leabaidh bhoig
Do chuala guth na n-éan;
Do smaoiníos-sa gur chóir dom dul
ag muscailt stoic chun féir,
Do bhuail umam ‘s a ciabh ‘na hucht
‘s í ag cíoradh a foilt go réidh,
an chúileann ghlic ba bhreátha cruth
ná an eala ar shruth an éisc.

Mo chroí gur chrith dá fhiafrái dhi
Cad é an tír gurb as an bhé:
“An tú péarla an tsuilt ón nGréig do rith
Agus d’fhág ‘na raic an Trae,
nó an tú Deirdre a thug grá cléibh is cion
nó Naois ‘ do cailleadh léi,
nó an bhean do rug lé háilleacht crot
an t-úll ó iomaidh ghéir?’

An tú Clíona ghlic a chuir draíocht is broid
Nó Aoibhill dheas gan chlaoin,
Nó stuaire an tuir do ghluais thar muir
Agus d’fhág na mílte tréith,
Nó an bhean sa chnoc do thraoch na coin
Go nglaodhaidís Cuileann tséimh
Chuir Fionn ‘sa tsruth gan chrích gan chion
D’fhúig deorach fliuch an Fhéinn?”

Is do labhair sí liom, ‘Ó, a shéimhfhir, suigh,
Go ninsead fáth mo scéil,
Ní stuaire mé do ghluais thar muir
ná mhúscail Cath na Trae
De natives chirt d’Uíbh Laoghaire mé
De shíolraidh mhaithíbh Gael,
Is mo chomhra dein mura bpósfair mé
go moch le fáinne an lae.’

A bhab an tsuilt is breátha crot
Ná an sneachta ar chnoc le gréin,
Mar d’fhágais-se tinn breoite mé
‘s ní mór é mo shos ón bpéin,
Do phósfainnse gan feoirling tú
‘s ní iarfainn ba ná spré,
ach tá móid orm le hóigmhnaoi dheis
ón gcomharsanacht roimh ré.’

Advertisements
Ranganna: Amhránaíocht. Clibeanna: , . Buan-nasc.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s