Ná beadh Buachaillín Deas age Síle

Foinse: Cú Cú Ín (Máire Ní Cheocháin)

Ná beadh buachaillín deas age Síle
Dá bpósadh sí mé mar fhear
Do mharóinn an breac ins an línn di
Is an coinín sa diumhch chomh maith
Ní iarfainn leí capall ná caoire
Airgead buí ná geal
Is go mb’fhearra liom agam mar mhnaoí í
Ná aon inion aon rí dar mhair

Tá máithair gan taise ‘ge Síle
Is ní bhraitheann sí a croí dá slad
Tá sparán mór fada aici líonta
‘S í a’ lorg talamh gan chíos le fear
Ba chuma leí óg é nó críonna
Ba chuma léi buí nó breac
Ó ba chuma léi cam é nó díreach
Ach go mbeadh aige caoire is ba

Ní mar sin mar a mheasann mo Shíle
B’fhearr léi mise na míle fear
Mar is meidhreach do sheinnfinn ar phíob di
‘S is greannta do rincfinn dreas
Chuirfinn i dtalamh na síolta
Is bhainfinn arís thar n-ais
‘S nuair a thiocfainn abhaile ní bhruíonfainn
Ach ag reacaireacht grinn lem’ shearc

Tá mo mhargadh socair le Síle
Is ní bhrisfeadh é Éire ar fad
Gan buíochas dá máthair ná a muintir
Raghaidh sé chun cinn gan stad
Pósfam sa chathair an mhí seo
Déanfam an sagart á dhíol go maith
Is nách fearra dhúinn fanacht sa tír seo
Ná bheith a’ racaireacht síos amach

Advertisements
Ranganna: Amhránaíocht. Clibeanna: . Buan-nasc.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s