Dónal Óg

Tá an t-amhrán seo go forleathan ar fuaid na tíre agus an-chuid leaganacha éagsúla le cloisint. Tá mórán véarsaí ann, ach ní deir aon amhránaí an t-iomlán.

Foinse: Cú Cú Ín (Máire Ní Cheocháin)

Och ochón is ní le hocras,
Uireasa bídh, dí ná codlata,
Fé ndeara dhom féin a bheith tanaí trochailte,
Ach grá fir óig do bhreoigh go follas mé.

Is a Dhónaill óig má théir thar farraige
Beir mé fhéin leat is ná dein dearmad;
Ó beidh agat féirín lá aonaigh is margaigh
Is iníon rí Gréige mar chéile leapa ‘gat

Is déanach aréir a labhair an gadhar ort,
Labhair an naoscach sa chorrachín doimhin,
Is tú id’chaogaí aonair ar fuaid na gcoillte
Is go rabhair gan chéile go brách go bhfaghair mé.

Gheallais domhsa is d’insis bréag dhom,
Go mbeifeá romhamsa i gcró na gcaorach;
Leogas fead agus trí céad glaoch ort
Is ní bhfuaras romham ach na huain a méiligh.

Gheallais dómhsa ní ba dheacair duit,
Loingeas óir faoi chrann seoil airgid,
Dhá bhaile déag de bhailtíbh fearainne
Agus cúirt bhreá aolta cois taoibh na farraige.

Do gheallais dómhsa ní nárbh fhéidir,
Go dtabharfá laimhnne de chroiceann éin dom,
Go ndéanfá bróga de chroiceann éin dom,
Is culaith den tsíoda ba dhaoire in Éirinn.

Siúd é an Domhnach a dtugas grá dhuit:
An Domhnach díreach roim Domhnach Cásca;
Do bhíos ar mo ghlúine a’lé Páise
Is do bhí mo dhá shúil a síor-tabhairt grá dhuit

Duairt mo mháithrín liom gan labhairt leat
Inniu ná amáireach ná Dé Domhnaigh;
Dob’olc an t-am a thug sían rabhadh dhom,
Dob’ é dúnadh an dorais é tar éis na foghla.

Do bhainis soir is bhainis siar díom,
Bhainis rómham agus bhainis im’dhiaidh díom,
BHainis an ghealach is bhainis an ghrian díóm,
‘S is ró mhór m’eagla gur bhainis Dia díom.

Advertisements
Ranganna: Amhránaíocht. Clibeanna: . Buan-nasc.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s