An Gamhnín Bán

Foinse: Cú Cú Ín (Máire Ní Cheocháin)

Agus seo do chuid den bhainne dhuit a ghaimhnín bháin
Seo é do chuid den bhainne dhuit a ghamhnín bháin
Go deimhin mar a nglacair é, tabharfadsa don mhadra é
Is ná bí se a pusaireacht a ghamhnín óig

Curfá:
Do chuireamair an gamhnín suas ar a gcnoc
Thuit sé ar a rúmpa agus chuaigh sé sa log
Ach a dtugigh an Samhradh
Gheobhaidh sé uainn a’leamhnacht
Is beidh sé a’rith ‘s a damhasa ins na gleannta againn

Nách trua mar a fhágais Máire arsan gamhnín bán
Is trua mar fhágais Máire arsa an gamhnín bán
Mar thána dtí an áit seo ós ann ná faghainn mo shásamh
Ach móráinín den bhláthaig arsan gamhnín bán

Curfá

Agus fan go mbeidh an Fomhar againn a ghamhnín bháin
Fan go mbeidh an Fomhar againn a ghamhnín bháin
Go mbeidh na prátaí nua againn is gheobhair ansan do dhóthain
Is beidh teaspach dóite ort a ghaimhnín bháin

Curfá

Buail bun na faille ‘mach uaim a ghaimhnín bháin
Buail bun na faille ‘mach uaim a ghaimhnín bháin
Ní fhéadfainn dul a’ soláthar mar tá buinneach síos lem’ shálaibh
Is fága’ mise an gátar arsan gamhnín bán

Advertisements
Ranganna: Amhránaíocht. Clibeanna: . Buan-nasc.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s