A Ógánaigh an Chúil Craobhaigh

Tá an iliomad leagan eile den amhrán seo mórthimpeall na hÉireann agus tá go leor leaganacha eile dhe laistigh de Mhúscraí chomh maith. Is minic a chloistear é mar ‘Táim Sínte ar do Thuama’

Foinse: Bruach na Carraige Báine (Diarmuidín Ó Súilleabháin)

“A ógánaigh an chúil craobhaigh, nó cad é an taobh ar a mbíonn tú
An bhfuileann tú gan chéile nó ‘n o t’aonair a luíonn tú?”
“Ó táimse gan chéile agus im’ aonair sea luímse
Cé hí siúd dá fhiafraí nó an éinne beo ón tír í?”

“An amhail ná haitníonn tú mé féinig, a chéad shearc mo chroíse,
‘S gur chailín ciúin stuama a bhíodh taobh leat san oíche?”
“Ní thaitním tú in aon chor is níl aon phioc ded’ ghnaoí ‘un”
“Mar sin do mhill cré mé, dath gréine, ‘gus gaoithe.”

“‘S an cuimhin leatsa an oíche úd do bhís ag a bhfuinneoig
Gur shíneas mo lámh chughat is gur fháiscais orm barróg
Do shíneasa síos leat is im’ chroí ná raibh aon ‘ruchóid
Agus d’fhanamair i gcomhluadar chun gur chualamair an fhuiseog”

“Beir mo mhallacht chun mo mháthair agus go brách brách chun mh’athar
Nár leog dom tú a phósadh nuair a bhíos suas im’bheathaidh”
“Nuair is dóigh lem ‘mhuintir go mbímse ar mo leabaidh
Ar do thuama sea bhímse ó oíche go maidin.”

“Bíonn mo mhuintir a’ plé liom bráthaire agus sagairt
I dtaobh mé ‘bheith i ngrá leat a Mháire, is tú marbh
Ba scáth ar a’ síon tú is ba dhíon tú ar a bhfearthainn
Agus mo ghrianán lae geimhridh tú thíos ins an talamh”

“Bíonn mo mhuintir a plé liom nuair ná pósfainnse Clíona
Go mbeadh broscán mór bó aici agus ór buí ag a muintir”
“Dá ndéanfása an gnó san is dócha gur tú bheadh thíos leis
Go mbeadh do shochraid a’gabháil a’bhóthair mar nós age do mhuintir”

Advertisements
Ranganna: Amhránaíocht. Clibeanna: , , . Buan-nasc.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s