An Gandal

George Curtin

B’é Mícheál Ó Tuama, nó George Curtin mar ab fhearr aithne air a scríobh an t-amhrán seo. Rugadh i Lios Carragáin é i bparóiste Chluain Droichead agus chum sé amhráin i nGaoluinn, i mBéarla agus roinnt amhráin sa dá theanga. Seo an chéad amhrán a scríobh sé, de réir dealraimh. Tuilleadh mar gheall ar George anseo

Foinse: Ceol & Cibeal Chúil Aodha (fé stiúir Pheadar Uí Riada)

Um thráthnóna iné isea chualas-sa scéal
Ar scafaire glégeal gandail,
D’imigh thar caol in imeall móinfhéir
‘S do thugadh roinnt féir ‘na chabhail leis.
Tá fear ar an mbaile is céilfidh mé a ainm
Gur ghearraigh sé madra donn leis
Ba thrua libh a dhearcadh nuair a shíneadh é marbh
Is dóigh liom gur stracadh an ceann de.

Is é dúirt Tomás nuair a airigh sé a thásc
Cirrbhadh air, níor ghá dhó an scanradh
I dtaobh aon saghas fáis ní raibh sé le fáil
Mura raghadh sé ag snámh ná ag damhas ann
Ní raibh ins an áit ach tuinneacha báite
Ní stadfadh préachán ná seabhac ann
Go ndeintear é bháthadh, é chrochadh ná lámhach
An té a thug anabhás dom ghandal.

Do bhí sé scafánta, cumasach, láidir
Chuirfeadh sé bláth ar ghéanaibh
An té chífeadh gach lá é ag taisteal na mbánta
Chuirfeadh sé áthas cléibh air
Osna mo chroí, mar tá gam le hinsint
Go bhfuil sé gan bhrí, lag, traochta
Táim creachta gan puinn de shaibhreas an tsaoil
‘S is baolach, dá dhroim, go n-éagfad.

Gura madra i bpéin, treascartha faonlag
Eascaine géana an domhain air
A theanga ‘na bhéal go gcrapaidh ‘na chraos
‘Na anghaid go gcaochtar dall é
Mar bharr ar a thubaist, é thitim sa tine
Go loisctear a fionnadh’s a dhrandal
Gach chámh leis a mhilleadh do chráfadh é tuilleadh
As bás chuige in uireaspa an snamhaire

Advertisements
Ranganna: Amhránaíocht. Clibeanna: , , , , . Buan-nasc.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s