Seán ‘s a Bhríste Leathair

De réir mar a thuigim é, tháinig an t-amhrán seo as an gcomórtas d’amhráin nua san Oireachtas na blianta fada ó shin. Chanadh nó canann Bess Cronin, Máire Ní Cheocháin agus Nell Ní Chróinín an t-amhrán seo.

Foinse: Cartlann Sean Nóis TG4 (Nell Ní Chróinín)

Nuair a bhíos i dtús mo shaoil
‘S mé ag éirí suas im leanbh
Bhí orm gean gach éinne
Ba mise peata an cheanna

Nuair a bhíos ag dul sna déagaibh
Do théinn i measc na bhfearaibh
‘S ní mór dom féin ina dhéidh sin
Iompáil amach i mo ghaige.

‘San téiril éiril é
‘S an téiril éiril eaidí
‘S an téiril éiril é
Seán ‘s a bhríste leathair

Bhí orm culaith deas éadaigh in iúl do rí nó Marquis
Casóigín channta bréide ‘gus bróigín gaelach smeartha
Stocaí dubha glaschaorthach,
Bheistín gléigeal flainín
Haitín íseal Quaker is scléip de bhríste leathair.

‘San téiril éiril é
‘S an téiril éiril eaidí
‘S an téiril éiril é
Seán ‘s a bhríste leathair

Bhíosa lá ar aonach is mé ag díol céis ‘ is bainbh
Do casadh orm Lady ‘s í ag ceannach úll is crackers
Do dhruid sí liom go dlúth ‘s do thóig sí an véil dá bonnet
‘S do chuir sí suim a súl i shape mo bhríste leathair.

‘San téiril éiril é
‘S an téiril éiril eaidí
‘S an téiril éiril é
Seán ‘s a bhríste leathair

Ghluais a hathair is a máthair á lorg ar fud an bhaile
Fuaireadar mise is Máire i dtigh an tábhairne ag ól leanna.
Nuair fhágamar an áit sin do chuamar go dtí an sagart
Is fuaireas baile stáit de bharr mo bhríste leathair.

Advertisements
Ranganna: Amhránaíocht. Clibeanna: , , , . Buan-nasc.

Aon Fhreagra Amháin ar Seán ‘s a Bhríste Leathair

  1. Arsa Ari:

    This post is two years old now but I’ll give it a shot since I have nothing to lose. I was wondering if someone around here could give me a translation for the lyrics to this song? I can’t find it anywhere. I understand it’s about a man who has some success around women because of his leather trausers? But that’s all I know and I’d love to know what the entire lyrics mean. Thanks.

    Moladh

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s