An Cóisire

Tá an t-amhrán éirithe coitianta le déanaí mar bíonn sé á chanadh go minic ag Máire Ní Chéilleachair agus Nell Ní Chróinín ach is ró-chríonna an stair atá ag an amhrán le grúpaí d’amhránaithe á chanadh agus é cóirithe go casta chomh maith le ceoltáoirí uirlise á sheinm cé go bhfuil a bhonnaibh sa lucht siúil.

Bhuaigh Nell Ní Chróinín Corn Uí Riada sa bhliain 2014 leis an amhrán seo mar amhrán mear aici.

Foinse: Cartlann Sean Nóis TG4 (Nell Ní Chróinín)

Do ghluais an bathalach beag tóstalach
Is poitín á fhreastal ar chórda aige
A’ d’iarraidh leanna chun cóisire
Chun iad a chur ar na stáraibh.

Ar a theacht abhaile trí Bhóthar Tuirc
Is poitín á fhreastal ar chord’ acu
Do thit an canna ar a thóin ar lic
Agus siúd a chuid leanna chun fána.

Curfá:
Is an ti- di-dee did-dle-dee di-dee dom
Is an ti -di-dee did-dle-dee di-dee dom
Is an ti- di-dee did-dle-dee di-dee dom
Is an ti-di-dee did-dle-dee di-dee.

Do bhuail a bhosa go deorach dubh
Nuair a bhí an canna gan tóin aige
Is dúirt “Táim creachta go deo leis sin”
‘S gan braon sa bhaile ach an bláthach.

Do bhuail a bhasa go cráite ansan
Is dúirt “Táim creachta go brách leis sin”
Ar cuaird in aistear atáim anois
Gan clú, gan ainm, gan árthach.

Curfá

Do bhí fuaim an asail mar cheol acu
Agus dríodar práisce dá ól mar phuins
Rírá ag bacaigh le mórtais ann
‘S nach orthu bhí an t-eirí in airde?

Do bhí Síle shalach mar chócaire acu
Is feoil a’ghabhair bhradaigh dá rósta ar bior
Go bhfaighfí balaithe dreoite uirthi
Ó bheith ina craiceann le ráithe.

Curfá

Do ghluais an gasra ar cheol go moch
‘S ní raibh capall na cóiste acu
Ach fotharaga chun cóisire orthu
Is iad a’ dul go Cill Airne.

Do bhuail an sagart sa ród umpa
Is dóibh do bheannaigh go córach glic
“Téig abhaile ‘gus tógaíg tigh
‘Gus cuiridh bhur gcapall ar stábla.”

Curfá

“Go deimhin a athair ní chóir duit sin
‘S ní dócha go nglacfainn led chomhairle ‘nois
Ach téanam cois balla agus póirse linn
‘Gus béarfaimid cnagaire lán dhuit.

Do bhuail air fearg ‘s ba mhór a phluic
‘Ní raghad cois balla ná póirse libh
Ach faigh bhur gcaille ‘s bhur lóma fir
‘Gus pósfad ar bholg na sráide iad”.

Advertisements
Ranganna: Amhránaíocht. Clibeanna: , , . Buan-nasc.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s