A Bhríde Bheag Chróin

Amhrán grinn a chanadh Mícheál Ó Luasa ón Ínse Mhór fadó. Ba mhór an stór amhrán a bhí aige agus ba mhó an chailliúint é. Chan Máire Ní Chéilleachair é ag Corn Uí Riada sa bhliain 2012.

Chum Mícheál Ó Tuama, nó George Curtin mar ab fhearr aithne air, An Gandal leis an bhfonn céanna a bhíodh á chanadh ag Claisceadal Chúil Aodha agus is le Danny Maidhcí is mó a shamlaítear é.

Foinse: Guth ar Fán (Máire Ní Chéilleachair)

A Bhríde bheag chrón, teanam ag ó1,
Is ná bíodh brón ná buairt ort,
A ghearra-bhean shéimh na malann deas caol,
Ná tiocfá liom féin san uaigneas?
Go deimhin is go dearfa, déanaimis margadh,
Thíos i dtigh an tabhairne ar fuaimint,
Mar a mbeidh ól agus ragairne ó oíche go maidin,
Is is dócha go bhfanfam go Luan ann.

A thaisce mo chléibh, tar feasta liom féin,
Is tabharfaidh mé saol breá suairc duit,
Leabaidh chlúmh éan go seascair fé d’thaobh
Agus cuilteanna daora anuas ort,
Cuirfead bróigín caol cantain ort, fáinní ar do ghlacaibh
Is síoda ar do bhonnet ag gluaiseacht,
Pillín ard greanta cuirfead fút ar do chapall,
Is riding dress leata ar do ghuaillibh.

Do gheallais dom séad a mhairfeadh lem’ shaol,
Is tá’s agat féin cad ‘dúrt leat,
Go mbeadh mo charaid go léir in earráid liom fhéin
Dá  ndéanfainnse an scéal san suas leat,
Ní phósfainn tú, geallaim, ná aon fhear ded’ shamhail,
Dá mbeinn fad a mhairfinn gan nuachar,
Gan léiseanna fada agus ba beaga bainne
‘Gus feirm bhreá thalaimh mar dhualgas.

Do dhéanfainnse an céachta idir anla agus béama,
Is chuirfinn é i ngléas ar fuaimeat,
Do bhainfinnse an féar go gasta le faobhar,
Le fuinneamh mo ghéag óm’ ghuaillnibh,
Do romharfainn, do ghrafainn, do thaoscfainn an carta
Le mórchuid de scaipeadh lem shluasaid,
Is máistir mé ar fhearaibh chun súistín do chasadh
‘S is fear maith chun iomaire a bhuaint mé.

Is bean mé atá ar strae a fuair seascaireacht saoil,
Agus taitníonn do bhreithre suairc liom,
Bímse in aghaidh an lae ag obair liom féin
Agus allas ‘na shlaod lem ghruannaibh,
Má thugann tú feasta gach ní dhom mar a gheallais,
Is dócha gur fearra dhom gluaiseacht,
Le hóigfhear ciúin cneasta gan mustar gan bladar,
A thabharfadh ór dom le scaipeadh ‘na chruachaibh.

Advertisements
Ranganna: Amhránaíocht. Clibeanna: , , . Buan-nasc.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s