Maidin Luan Cásca

Foinse: The Irish Folk Song Society Journal (A.M. Freeman)

Maidin Luan Cásca tríd an mBlárnan soir
Agus mo shlán beo anois lem’ dhúthaigh,
Ó cá bhfios ná go mb’fhearr a bheadh a’ cás againn
Ná ag a lán a bheadh linn mar ghiúll air?
Ba mhinic mo lámh id’ bhán-chrobh ghil,
Agus do shláinte i ndígh go ndiúgfainn,
Is go bhfeiceadh buan bláfar tú i gcáil ‘s i gcion,
Cé gur fháguis anois go dubhach mé.

Is minic a deirim féin le créachta ‘gus le sult,
Go mbeidh a’ saol againn go súgach,
I rumanna ibh aolmhara a’ déanamh féile i dtigh
Agus cead saor againn ón gciúin-fhear.
Do bheacha dhá n-aoireacht lá gréine amuigh,
Is mé féin istigh i lionndubh,
‘S dá mairfinn le saol ní dhéanfainn sin
Is go deimhin is tú mo rúnach.

An té a chífeadh a’ sár-fhear i lár a’ ghoirt,
Agus a chorrán ar a chuislinn phlúraigh,
Is bog ‘s is breá do ghearrfadh ucht
Is bheadh an barr aige ón gcúigear.
I ndiaidh a sheisreach lárach ba bhreá é a ghuth
Is do thiomáineadh san chun siúil iad,
I dtithibh a’ tábhairne  a’ díol phláta ghil –
“Tuiseántar puins agus lionn dom!”

An té a chífeadh a’ t-óigfhear gleoite deas
Is a bhróigín smeartha néata,
A chasóg nua agus dar ndóigh a bheist,
I gcóir is i gceart a bhí a bhéavar!
‘S mo cailín óg gleoite deas
Atá go breoite lag tar-théise
Is dá mbeadh aici ór go leor agus ba,
Do b’í rún agus searc do chléibh’ í.

Is dá bhfaighinn-se péapar néata deas
Agus cead scrí go mion le barr pinn,
Do chuirfinn-se síos díobh gníomhartha an fhir,
Agus is domh-sa féin nár chás san.
‘Na sheasamh ar an inse chun ríl nó jig,
Is ní fearr ná mar imreodh báire,
An damhas bruinneall sa ríocht a chífeadh a chlis
Óna croí ná go dtabharfadh grá dhó.

Tá mo shúil-se go dian leis a’ dTiarna ‘á,
‘Na dhiaidh so go mbeidh againn saol maith,
Cead fuinidh agus riar go fial id’ chistin,
Is ‘na dhiaidh san do linbh á mbréagadh.
Do bha boga ar shliabh nó in íochtar coille,
A’ triall agus duine dá n-aoireacht,
Agus buillí trom’ dian ‘gan ciach ar do chuiginn,
Is cead riaraibh againn ón gCaolfhear.

Advertisements
Ranganna: Amhránaíocht. Clibeanna: , , . Buan-nasc.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s