Bean Dubh a’Ghleanna

Amhrán eile atá comónta le leaganacha difriúla a chantar mórthimpeall na tíre. Is é seo leagan Mháire Ní Chéilleachair ón bhFearann i gContae Chorcaí. Is binn an amhránaí í, cé nár chan sí os comhair an phobail go dtí go raibh na 40 bliain sáraithe aici.

Tá leagan eile de seo ag Ger Wolfe ar an ndlúthdhiosca ‘An Móinfhéar Garbh’ a d’fhoilsigh an tAcadamh Fódhla le déanaí.

Foinse: Cartlann Sean Nóis TG4

Tá bó liom ar a’ sliabh, is gan éinne beo ‘na diaidh
Ó chailleasa mo chiall le nuachar,
Á seoladh soir is siar ins gach áit a ngabhann an ghrian
Ó mhaidin go dubh an tráthnóna.
Nuair a fhéachaim féin anonn san áit ina mbíodh mo rún
Sileann óm’ shúile deora,
‘S a Rí úd thuas na nDúl, nach mór an donas dúinn
‘S gur bean dubh a bhuaigh faoi bhrón mé.

Thiar ag barr a’ ghleanna ‘sea tá mo ghrá le sealad,
Is í ná fuair guth ná náire,
Sé dúirt sí liom ar maidin den chomhrá ceansa cneasta
‘Imigh is ná feic go brách mé.’
Níl aon ógánach cailce ó Bhleá Cliath go Mala
Ná as san go dúthaigh Bhéarra
Ná go dtéann go tigh a’ ghleanna ar eachaibh donna deasa
Ag tnúth leis an mbean dubh álainn.

‘S nuair a ghabhaimse féin amach agus téim go claí na sceach,
Sealad go lúb a’ bhóthair
Mo chailín plúrach geal, gur éalaís uaim thar lear,
Agus mo chúig céad slán beo leat!
A lámh mar is maith, agus a crobh mar is ceart,
A d’fhás ar a’ maighre mná so,
‘S nuair a ghabhann sí siúd amach cailleann a’ ghrian a teas,
Agus cónaíonn an ghealach le grá dhi.

Dá bhfaighinnse bean mheidhreach, bean dubh nó Laighneach,
Nó bean go mbeadh dhá mhíle bó aici,
Bean na bhfáinní mbuí, is í a fháscadh suas lem’ chroí,
Agus bean eile ó Rí geal Seoirse,
Iníon óg an Iarla, ‘tá go tinn dubhach im’ dhéidh
A d’iarraidh mé a fháil le pósadh,
‘S go deimhin dá bhfaighinn mo rogha de mhnáibh dubha deasa an domhain,
‘Sí an Bhean Dubh ón nGleann a thógfainn.

Advertisements
Ranganna: Amhránaíocht. Clibeanna: , , , . Buan-nasc.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s