Carraig Aonair

Seo ceann eile des na hamhráin a bhailigh Martin Freeman ó Chonchubhar Ó Cochláin. “Luan Dubh an Áir” an teideal a bhí aige air. Is caoineadh é ag Conchubhar Ó Laoghaire ar a thriúr mac, Finín, Cormac agus Dónal, agus fear céile a iníne a bádh in éineacht a chéile taobh leis an gCarraig Aonair. Dealraíonn an scéal go raibh Conchubhar pósta faoi dhó, agus ná raibh trua ná tacaíocht le fáil aige ón tarna bean. Tagann ualach an bhróin atá á fhulaingt ina aonar aige trasna san amhrán. D’fhoghlaim Diarmuidín Maidhcí an t-amhrán ó Dhiarmuid Ó Ríordáin, de réir nótaí téacsa ón ndlúthdhiosca ‘Bruach na Carraige Báine’

Foinse: Bruach na Carraige Báine (Diarmuidín Ó Súilleabháin)

Ó Luan dubh an áir tháinig suaimhneas ró-bhreá
Is do ghluaiseadar uaimse leath-uairín roimh lá
Ag iascaireacht i mbád, i gcontúirt bhur mbá,
‘S go mbeidh iarsma na bliana úd bhur ndiaidh go bhfaghad bás.
.
‘Sé Dónal mo mhaoin an té ab óige dem 1chlainn,
Agus coicís ón lá san a tháinig sé i dtír
Gan tapa gan bhrí, gan anam ‘na chroí
Ach a ghéaga boga geala is iad leata ar a dtoinn.
.
‘Sé Dónal mo mhaoin an té ab óige dem chlainn,
Agus coicís ón lá san a tháinig sé i dtír
Gan tapa gan bhrí, gan anam ‘na chroí
Ach a ghéaga boga geala is iad leata ar a dtoinn.
.
‘Sé Cormac mo stór, ‘sé rí na bhfear n-óg
A bhí mómhuil maiseach múinte géarchumtha go leor.
Do scríobh sé ar a’ gcóir leis an mbúcla ‘ bhí ina bhróig
Gurb í Carraig Aonair a chéile go deo.
.
Is tá duine eile dom chlainn nár thráchtas air puinn
Sé Finín mo chúngracht, ceann cothaithe an tí,
Thugadh an fia leis ón gcoill is an bradán ón linn,
Fideoga dubha an tsléibhe is gan bhréag an chearc fhraoigh.
.
’Sí an Nollaig seo chugainn an Nollaig gan fonn
I ndiaidh mo cheathrar bhreá brollaigh gheal tá fé shruthaibh na dtonn.
Is dá bhfaighinnse mo thriúr, ’tá go doimhin ins an úir,
Is do dhéanfainn iad a chaoineadh is a shíneadh nach dúinn.
.
Is a chlann ó mo chroí, nó an cuimhin libh mar a bhí?
Bhur n-athairín bocht féinig ag géarghol is ag caí.
‘Na chuaille throm chríon i gcúil fuar a’ tí,
Is bhur ndlúthchairde féinig ag cásamh mar a bhí.
.
Nuair a théimse ar an gclaí, is go bhfeicim uaim síos,
Nuair a chím Carraig Aonair ó pléascann mo chroí.
Is ar ais liom arís go mullach mo thí,
Ós gurb í Carraig Aonair is céilí dom chloí.

Advertisements
Ranganna: Amhránaíocht. Clibeanna: , , , . Buan-nasc.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s