Cois Abhann na Séad

Fuaireas an leagan seo den amhrán ó bhailiúchán d’amhrántí a bhailigh Pádraig Ó Buachalla óna mháthair Nóra Ní Mhuirithe ón Ínse Mhór in iarthar Chúil Aodha timpeall na bliana 1926.

Amhrán an-bhreá lena bhfuil fonn as an gcoitiantacht is ea an t-amhrán seo. Dealraíonn sé go mbaineann sé le duthaigh Mhúscraí, nó Contae Chorcaí pé scéal é. Níl a fhios againn cé a chum ná cathain. Tá sé á chanadh i Múscraí leis na cianta. 

Tá sé deacair go maith scéal an amhráin a dhéanamh amach, ach shamhlóinn go mb’fhéidir gur sagart a scríobh, sagart a bhí i ngrá le mnaoi, d’aimhdheoin rialacha na heaglaise mar déanann sé trácht ar ‘aifreann a rá’ agus ‘ansúd i measc na gcliar’ i véarsaí a 4 is a 5. Ráineodh gur fís a bhí ina cheann agus nách raibh eolas ag an mnaoi a luann sé faoi cad a bhí ar a aigne aige. Tharlódh, ar ndóigh, nach raibh ann ach fear, sagart fiú, ag cumadh amhráin ar phatrún aislinge.

Samhlaítear an t-amhrán le muintir Maidhcí ó Chúil Aodha na laethanta seo agus tá leagann deas de ar cheirnín Eilís Maidhcí ‘Cois Abhann na Séad’

Foinse: Amhráin na hInse Móire (Nóra Ní Mhuirithe)

Cois Abhann na Séad ar uair bhig an lae,
Is mé ag imeacht fé dhéin mo shláinte,
Mar a mbídís caortha ‘gus cnó buí ar ghéagaibh,
Is mil bheach ina shlaod ar bhántaibh,
Do labhradar na héin, do lasadar na spéartha,
Bhí an fharraige ina caor-luisne lán suas,
Do mhúscail an ghrian a bhí le sealad mór fé chiach,
Agus d’éirigh an t-iasc ina lán rith.

Ansúd ar dtúis in imeallaibh ciumhaise coille cúmhra do thárlaig,
An fhinne-bhean fhionn, gur bhinne liom a tiúin,
Ná an fhidil, an fhliúit ná an chláirseach,
Ba bhreá deas a súil is a mala caol cúmtha,
Is a leaca bhí mar chúr na trá amuigh,
Ba ghile í a píb ná an eala ar an línn,
Is do líon mo chroí le grá dhi.

Nuair a dhearcas í ansiúd mar a bhí,
An ainnir ba chaoine ‘s ba breátha,
Go raibh scáil na gcaor ina leacain réidh,
Agus fátha a bhí ina gáire,
Dob é an chom slím do lagaigh mé im chroí,
Le taitneamh dá cích is dá gáire,
Ó bhaitheas go bonn bhí a ciabh léi go trom,
Is a cúl buí casta fáinneach.

Mo chreach agus mo chiach is mh’atuirse go dian,
Fés na dúthaí siar go brónach,
I measc na gcliar bhíodh go fairsing is go fial,
Mh’atuirse is mé ad’ nóchair.
A rúnaigh is a chiallaigh a chogarnaigh is a ghrianaigh,
Is gliste mar a riarfá-sa an brón díom,
Is go bhfuilim féin id dhiaidh, le tuilleadh is dhá bhliain,
Is ná coinnibh i bpian níos mó me!

Mo chreach agus mo chás ná fuilimse ‘s mo ghrá,
Ar leabaidh go lá inár n-aonar,
Go ciúin agus go tláth roim Aifreann do rá,
Is gan cead ag ár namhaid teacht taobh linn.
A shuaircbhean bhreá na leabhairchrobh mbán,
A d’fhúigís-se mh’intinn buartha,
Is nach mór go mbfearr lem chroí istigh tú d’fháil,
Ná ríocht is í fháil mar dhualgas.

Máirt a bhí is mé a’ trácht na slí,
Sea dhearcas aníos mo ghrá chugam,
Is go mb’fhearr liom í a teacht slán mar a bhí,
Ná na táinte is na mílthe ar thaobh cnoic.
A shiúir na saighead, a bhláth Chluain Míleac,
Do fhúigis-se m’íntinn buartha,
Tabhair chugham scríofa de bharr do mhínchrobh,
A bhfágfad an tír nó na baol dom?

Advertisements
Ranganna: Amhránaíocht. Clibeanna: , , , , , . Buan-nasc.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s