An Búrcach

Máire Bhuí Ní Laoghaire

Amhrán a chúm Máire Bhuí ar shaol grá a mic.

Chanadh Cáit Ní Mhuimhneacháin ón nGuagán an t-amhrán so agus tá sé ar fáil ar a ceirnín ‘An Juga Mór’

Foinse: Filíocht Mháire Bhuidhe Ní Laoghaire (An t-Athair Donncha Ó Donnchú)

A Bhúrcaigh bhuí on gCéim, mar a dtéann an fia chun strae,
Ó fill thar n-ais is beir leat bean do dhéanfadh beart dod réir,
Ná fág id’ dhiaidh an bhé, mar gheall ar bheagán spré.
Mar dá dtíodh a clann sa bhruíon led ais,
Is leat do bhuailfí an ‘sway’.

Mura mbeadh cros a tsaoil is bás a hathar féin,
Bheadh réim is flúirse ag a stoc súd i ngaorthaibh chumhartha réidh
Marcaíocht shochair shéimh, is culaith den tsíoda dhaor,
Ó leaba clúimh fé na cum ‘s a crúitin dúnta léi.

‘S í Neillí Mhichíl Chnáigh, an eala mhúinte mhná,
Is a pearsa súd mar eala mhúinte ‘s a píb mar eala bhláth.
A seomra a’ brúchtaigh lán is a machaí bó ag tál;
Mná dea-chlúmháil na dtithe siúd do riarfadh flúirse aráin.

Ó’s a Bhúrcaigh úd aduaidh ag ciúmhais na Locha Lua,
Beidh ort an léan má thréigeann tú bé geal na gcuach,
Do chéile shocair shuairc de bhé bhis bheadh gan ghruaim,
Is tá an chraobh aici ar an gCaolchoill ón dtaobh thoir go cuan.

Níl bean siúil a ghabhadh an tslí, ná baintreach pháistí
Ná go bhfaigheadh sí déirc i gcuntas Dé is an tarna déirc gan díol,
Bráithlín glan gan teimheal is blaincéad chnis chun luí,
Raghaidh a hanam siúd i láthair Dé má táid na bréithre fíor.

Maidin Domhnaigh Dé ‘sea thaistil chugainn thar Chéim,
An ainnir chlúil cneasta mhúinte dob áille gnaoi ‘ gus scéimh.
Bhí lasair dheirg ina gcaor na leacain úir bhoig réidh.
‘Sí a siúl an drúcht go pras ag teacht, gur sciob sí an Búrcach léi.

Advertisements
Ranganna: Amhránaíocht. Clibeanna: , , , . Buan-nasc.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s