Caoineadh Dhiarmada mhic Eoghain Mhic Cárthaigh

 

“B’é áit ‘nar chónaigh muintir Dhiarmada ná ar an gCláraigh, in aice Shráid an Mhuilinn.  Deallraíonn an scéal go rabhadar so go táchtmhar.  Bhí Diarmaid ina cheannaí ime i gCorcaigh fé mheas mhór, agus níos mó ime aige á fháil ná mar a bhí ag aon cheannaí eile.  Maidean dá raibh máthair Dhiarmada ag crú na mbó amuigh sa tuar fuair sí scéala ar bhás a mic i gCorcaigh.  Níor fhan sí le hatharach éadaigh a chur impi, ach d’imigh uirthi agus an bhuarthach ina láimh.  Shiúlaigh gach coiscéim de isteach go Corcaigh.  Bhí gach éinne i gCorcaigh i mbun a ngnótha féin ar fuaid na cathrach. Fiú amháin bhí mná ag sníomh olla in aice léi, i dtreo go n-airíodh sí fuaim an túrainn.  Bhí roinnt eile bhan a bhailigh timpeall uirthi, iad go mór-mheasúil, ag gáirí ime na driuch agus ime na cuid éadaigh na mná.  Ach do dhein sí tagairt dóibh go léir ina caoine, agus dúirt”:

A mhná na muitseana
is na ngad suinceana,
do bheadh sibh sruimilte
dá ngabhadh sibh Muisire
is an cnoc ba ghiorra dhó
fé mar a dheineas-sa.

B’id é uair a thosnaigh sí ar chaointeoireacht a mic:

Mo chara thú is mo chumann,
is deirid na mná so liomsa
go ndéanfá ceannaithe a bhriseadh,
is gur agat a bheadh túrleacan an ime;
go gcuirfeá long ar uisge,
is go dtabharfá anall leat bruinneall
‘s a cothrom óir ‘na coinnibh,
a Dhiarmaid mhic Eoghain na Tuinne,
gur ghile liom tú im choinnibh
ná an giúistís is ná an breitheamh
is ná méara an chána dheirg.

Mo chara is mo thaitneamh thú,
is dá mbeadh glao fhada agam
nó coisí ana-mhear
a raghadh don Mhainistir
nó go Duiriseán Ala soir
mar a bhfaghainnse gasra
na srianta ndearga
is na mbéalbhac airgid
a bhainfeadh lasrach’
a croí na gcarraigreach’
ag triall is ag tarrac ort,
cé fuaras marbh tú
ag ceann Tí an Mhargaidh
gan éinne ag amharc ort
ach búir nó Sasanaigh
nó clann ceannaithe!
(Go raibh maith agaibhse,
is Dé ‘n-úr mbeatha-sa,
ó bhí sé ina easba orm
ar lár na cathrach!).

Mo chara thú is mo shearc,
a leoin d’fhuil uasal cheart,
go dtéadh do litir i bhfad
ó thuaidh agus ó dheas
is siar go Trá Lí isteach,
go Corcaigh arís thar n-ais,
mar a gcaithfeadh na breithiúin stad,
is giúistísí na mbreab,
go gcuirteá dhíot do cheacht
go ciúin agus go ceart,
is go leogteá braighde amach
do bhíodh go doimhin fé ghlas.

Mo chara thú is mo stór,
is dá mbeifeá agam ar neoin
idir dhá Mhuisire an cheóigh,
nó Clárach bheag an spóirt,
is mó cailín álainn óg
is bruinneall cheansa chóir
is marcach buatais nua
do leogfadh anuas a ndeoir
is do bhrisfeadh leat a nglór,
a Dhiarmaid ghil mhic Eoghain,
ná fuair do thuairisc fós.

Mo chara is mo rún tú,
is dá mbeifeá id dhúthaigh
mar ar hoileadh ar dtúis tú,
ní mustairt ná túrann
a bheadh orthu mar chúram
ach mná ag liúirigh
is fir ag búirthigh,
bóithre ba chúng dóibh
ag dul at thiúnlac
go Duiriseán súgach
an chaisleáin chúinnigh,
mar a bhfásaid úlla
is caora cumhra,
cnó buí ag lúbadh
meas go glúin ort,
ba boga ag búirthigh
maidean lae dhrúchta
a d’iarraidh a gcrúite –
mo bhuinneán úr geal
do chodail im chomsa
is do hoileas gan chúntar
is tá ag tabhairt a chúil liom,
is mé ró-thúirseach
i gCorcaigh na long leat!
.
Mo chara is mo lao thú,
is an raghfá féin liom
go Duiriseán aerach? –
mar a bhfuil gach aon rud
is breátha in Éirinn
ach amháin an t-aon locht
ná fuil cuan chun éisc ann:
mura bhfuil san féin ann,
tá mil bhuí is céir ann,
teas ón ngréin ann,
lag ón mbraon ann,
fasc ón ngaoth ann,
duilliúr na gcraobh ann
thar bhráid a chéile,
is tobar breá naofa ann
a bhíonn ar fiuchaidh gan traocha
le feartaibh an Aon-Mhic.
.
Mo chara is mo chumann tú,
is éirigh ar t’uillinn chúm,
cuir fuinneamh i t’iosgadaibh
go ngabham trí Mhuisire
na bó baininne
nár treabhadh riamh iomaire ann,
nár ceangladh punann ann,
ná cnósaítear ithir ann,
ach fionnán barra-ghlas
is fraoch go hiosgalaibh
is ceol ag fiolaraibh
ag gabháil dá imealaibh.

Mo chara is mo ghrá thú,
is níl bean acu láithreach
a thabharfadh trí ráithe
loma-lána
ag iompar do chnáimh ghil
dhá bhliain ag tál ort
ag déanamh fir mhóir bhreá dhíot –
tabhairt suas álainn,
culaith ón Spáinn ort,
buatais bhláfar
spoir ar do shála
fuip id láimh dheis
ar muin lárach
cois-fhinne báine
ag gabháil trí Chlárach
ag dul ag fiosrú a mháthar –
ná go mbeidís cásmhar
fé mar atáimse.

Mo chara is mo ghrá thú,
is a mhná so láithreach,
is is deireanaí tháinig,
ná seasaíodh sibh ar áitibh
nó ar mhullaíbh árda
‘féachaint an bhfeicfeadh sibh a lánchuid
de mharcaigh is a mná acu? –
an chlann mhuar bhreá so
Eoghain Mhá’ Cártha
ag teacht ag fiosrú a máthar
atá ró-chásmhar
inniu is amárach.
.
Mo chara thú is mo chumann
is cá bhfuil bean Tí Shráid an Mhuilinn?
bean Tí Chroise an tSionnaigh?
nó bean Tí na Rátha Bige?
nó bean Aonaís Uí Dhála an Oinigh
aniar ón gCarraigín Cille?
ná fuilid siad anso im choinnibh
ag gol i ndiaidh mo linbh
a fuaireas romham gan friotal
ag sign na bó nár doireadh
nár crúdh agus nár sniogadh
is nár bhuail riamh fós aon duine.

Advertisements

An Gamhain Geal Bán

Cumadh an t-amhrán so i gCúige Mumhan san 18ú céad, is dócha, don bhfonn traidisiúnta ‘Sláinte Rí Pilib’ agus tá teacht air go háirithe i bhfoinsí as iarthar Chorcaí. Is léir go mbi=íodh tóir ar an amhrán: tá go leor téacsanna filíochta le fáil i lámhscríbhinní ar fonn ‘An Gamhain Geal Bán’ Dob é Seán de hÓra as Baile an Fheirtéaraigh, Contae Chiarraí, an chéad duine a chuir an t-amhrán ar cheirnín i 1960 ach ní léir go bhfuair sé ón dtraidisiún béil é. Ní fios cé a chúm.

Foinse: The Songs of Elizabeth Cronin (Dáibhí Ó Cróinín)

Ar maidin Dé Luain is mé a’ machnamh ‘s mé ag imeacht ar m’ábhar féin,
Ar bhruach Toinne Móire sea dhearcas an ainnir dob áille scéimh,
Anuas díom gur luaigeas  mo hata ‘gus d’fhiosraíos rí bhean shéimh
Sé dúirt sí, ‘A fhir mhóir, ná bí id’ sheasamh, suigh farainn go dtráigh a’ saol.’

Diúltaigh don phláigh is don donas, a dhuine suigh síos go lá,
Tá an bháisteach go hard ar na cnocaibh agus  tuile ‘sna haibhní lán.
Níor chás díbh a lán acu ‘fheiscint ba dheise ná í do mhnáibh,
Taréis éalú ó Bhearna na Toinne  ná a mbruinnill go Dún na mBárc.

Dá mbeinnse, airiú, i mBeanntraí an bhile i gCill Chainnigh nó thall sa Spáinn,
‘S gan éinne beo in Éirinn im’ ghoire ach an bhruinneall sa tsliabh go lá.
Is fíor ach go n-ólfainn a dtuillfinn i gcuileachtain prionsa mná
Nach aoibhinn do réicí na cruinne nuair a imrid cúig thar láimh.

Nach aoibhinn iad Ínseacha ‘n Fhiolair, mar a bhfásann an féar um’ Shamhain
‘S mar a bhfásann an bláth ar an mbiolar,‘s mar a doirtear gach bliain an gamhain
Bíonn ceol binn ag róntaibh cois imill, a’ lorg fothain ar ghéagaibh crann
Agus gréithre na gcéir-mbeach a’ sileadh, agus iomarca éisc ar abhainn.

Nach buacach iad cuacha na luiche ag titim go drúcht léi ar bán
Is nach aoibhinn a grua mar a luisne, ba ghile ná ’n déis ar tráigh
A claon-dearc ba réidh is ba gcliste dár thugas di ariamh searc-grá
‘S gur liom-sa ‘gus léi-se nár mhiste, dá mbeadh tuilleadh ‘gus bliain sa lá.

Dá mbeadh agam cúig ag gach cluiche ‘gus cuireata i gcúl mo lámha
‘S go n-iompódh aon chúig acu im’ choinnibh do chuirfeadh mise bun os cionn lem’ ghrá,
D’imeoinn ‘s do shnámhfainn an caise ‘s ní fheithfinn le long ná bád,
‘S ní fhillfinn go brách ar aon duine mara bhfillfinn am’ chubhar cois trá.

Do gluaisíos ar thuairisc na bruinnille, ba bhinne is dob aeraí cáil,
Ó Thuama go bruach Loch an Doire is ó Inis go Sliabh don stair,
Im’ chuairdibh cé gur mhór iad mo shlite níor thuigead go raibh aon bhean bhreá,
Go dtí stuaire na gruaige breá finne ar a dtugaid an gamhain geal bán.

An Búrcach

Máire Bhuí Ní Laoghaire

Amhrán a chúm Máire Bhuí ar shaol grá a mic.

Chanadh Cáit Ní Mhuimhneacháin ón nGuagán an t-amhrán so agus tá sé ar fáil ar a ceirnín ‘An Juga Mór’

Foinse: Filíocht Mháire Bhuidhe Ní Laoghaire (An t-Athair Donncha Ó Donnchú)

A Bhúrcaigh bhuí on gCéim, mar a dtéann an fia chun strae,
Ó fill thar n-ais is beir leat bean do dhéanfadh beart dod réir,
Ná fág id’ dhiaidh an bhé, mar gheall ar bheagán spré.
Mar dá dtíodh a clann sa bhruíon led ais,
Is leat do bhuailfí an ‘sway’.

Mura mbeadh cros a tsaoil is bás a hathar féin,
Bheadh réim is flúirse ag a stoc súd i ngaorthaibh chumhartha réidh
Marcaíocht shochair shéimh, is culaith den tsíoda dhaor,
Ó leaba clúimh fé na cum ‘s a crúitin dúnta léi.

‘S í Neillí Mhichíl Chnáigh, an eala mhúinte mhná,
Is a pearsa súd mar eala mhúinte ‘s a píb mar eala bhláth.
A seomra a’ brúchtaigh lán is a machaí bó ag tál;
Mná dea-chlúmháil na dtithe siúd do riarfadh flúirse aráin.

Ó’s a Bhúrcaigh úd aduaidh ag ciúmhais na Locha Lua,
Beidh ort an léan má thréigeann tú bé geal na gcuach,
Do chéile shocair shuairc de bhé bhis bheadh gan ghruaim,
Is tá an chraobh aici ar an gCaolchoill ón dtaobh thoir go cuan.

Níl bean siúil a ghabhadh an tslí, ná baintreach pháistí
Ná go bhfaigheadh sí déirc i gcuntas Dé is an tarna déirc gan díol,
Bráithlín glan gan teimheal is blaincéad chnis chun luí,
Raghaidh a hanam siúd i láthair Dé má táid na bréithre fíor.

Maidin Domhnaigh Dé ‘sea thaistil chugainn thar Chéim,
An ainnir chlúil cneasta mhúinte dob áille gnaoi ‘ gus scéimh.
Bhí lasair dheirg ina gcaor na leacain úir bhoig réidh.
‘Sí a siúl an drúcht go pras ag teacht, gur sciob sí an Búrcach léi.

A Mháire Ní Laoghaire

Máire Bhuí Ní Laoghaire

Amhrán eile ó fhile mhór Uíbh Laoghaire, Máire Bhuí Ní Laoghaire (Túirín na nÉan, Béal Átha an Ghaorthaidh). Amhrán polaitiúil isea é agus tá dhá fonn ag gabháilt leis chomh maith. Ceann acu ag formhór na hamhránaithe a chanann é (Máire Ní Chéilleachair, Eibhlís Uí Thuama, Diarmuidín Maidhcí) agus ceann éagsúil ar fad ag Peataí Thaidhg Pheig, fear ó Chúil go ndéanfad trácht air uair éigin ar an suíomh so.

Foinse: Filíocht Mháire Bhuidhe Ní Laoghaire (An t-Athair Donncha Ó Donnchú)

Is a Mháire Ní Laoghaire ó Bhéal a’ Chéime, mar a mbíonn an eilit mhaol á múscailt,
An amhla’ éagais ná hairím aonphioc de ghuth do bhéil san dúthaigh.
Nó an bhfacaís éinne ag gabháil moch nó déanach sa ghleann seo taobh le Diúchoill,
Do ‘neosfadh scéal duit ar chúrsaí an tsaoil seo go bhfuil Clanna Gael i gcúngracht.

Do chuala scéilín anois le déanaí ó fhideoig slé ‘ bhí i nDiúchoill,
Go suífeadh téarma gan mhoill in Éirinn do chuirfeadh béir ar gcúlaibh.
Go mbeadh Repealers is a bhfórsaí tréana agus cúnamh Dé á stiúradh.
Agus buíon an Bhéarla gan fíon gan féasta agus caitheamh piléar dá rúscadh.

Go n-éirí an saol leis an bhfideoig sle’ amuigh a thug an scéal san chughatsa;
Le grá’ s le méin duit thar mhnáibh na hÉireann a bhláth ‘ s a gcraobh na n-údar.
Ó bhís chomh héasca ‘gus lách le béiribh is a bhfágaint tréith le púdar,
Tá an cairde taobh leo le grásta an Aonmhic do ghearr an téarma ar dtúis dóibh.

Beidh stealladh piléar agus pící géara dá gcur ‘na méadail bhrúidigh,
Beidh cloch is craobh orthu ó láimh gach éinne agus mallacht Dé ar a gcomplacht,
Beidh siad faon-lag faoi spalladh gréine gan neach sa tsaol ‘na gcúram,
A gcoin ‘s a mbeagles ‘s a gcapaill traochta gan suim i ngéim ná i liú acu.

Tá dream an áil seo go céasta cráite ‘gus cíos is cáin á dturnadh’
Agus búir go táchtmhar ar hallaíbh bána agus deireadh a gcairde tabhartha.
Ní bheidh féasta ar clár dóibh ach prátaí bána agus salann lán de bhruscar,
Is le méid a ngátair ní bheinn féin sásta gan córda cnáibe ‘ fháil chuchu.

Dá mbeinn ar chlár ghlan fé thobac geárrtha is fé sholas bhán gan múchadh
Go n-aireóinn rás ar an ndream so chráidh sinn go n-éireóinn láidir chúcha;
Tá mo shúíl lem Máistir ná raghad ‘on bhán ghlasGo bhfeicead tláth an complacht,
Is go mbead ‘á n-áireamh i bpollaibh báite is le fallaibh árda ‘á rúscadh.

Is a mhic a’ dea-athar, do chuala trácht ort, gur mhaith do cháil id’ dhúthaigh,
Guím séan is áthas is sliocht faoi bhláth ort a chuirfidh caráiste is fonn ort;
Dá gcastaí lá orm tú i dtigh an tábhairne do thabharfainn cárt faoi chúr duit,
Ag crothadh láimhe is ag ól do shláinte agus puins ar chlár go flúirseach.

‘S a mhic an dea-athar, nár thuill tú cháineadh, do bhí fial fáilteach flúirseach,
Ní dhéanfad trácht ar a thuille dánta táim críonna támhach lag brúite;
Bronnaim láithreach an chraobh id láimh duit a bun, a barr, ‘s a húbhla,
Is ná caill do chráiste – sa bhliain seo láimh linn a bheidh uchlán ar bhúraibh.

‘Ó go deimhin a stóraighe, más fíor do ghlórtha gur dheinis óg arís mé,
Chun ‘tally-ho’ bheith ar mhnáibh na rógairí d’itheann feoil Dé hAoine.
Is é deir lucht eolais go mbeidh siúd brónach mar gheall ar phóit an tsaoil seo,
Ná leanann comhairle na cléire córach, is gabháil an bóthar díreach.

Bog Braon don tSeanduine

Foinse: The Songs of Elizabeth Cronin (Dáibhí Ó Cróinín)

Bog braon, bog braon, bog braon don seanduine,
Bog braon, bog braon, is bog braon don seanduine.

Cuir a chodladh, cuir a chodladh, cuir a chodladh an seanduine,
Cuir a chodladh is nigh a chosa is bog braon don seanduine.

Ubh chirce, ubh chirce, ubh chirce don seanduine,
Ubh chirce is blúirín ime is é thabhairt don seanduine.

Cuir a chodladh, cuir a chodladh, cuir a chodladh an seanduine,
Cuir a chodladh is nigh a chosa is bog braon don seanduine.

Feoil úr, feoil úr, feoil úr don seanduine,
Feoil úr is braon súp is é thabhairt don seanduine.

Cuir a chodladh, cuir a chodladh, cuir a chodladh an seanduine.
Cuir a chodladh is nigh a chosa is bog braon don seanduine.

Amhrán Pead Buí

Pead Buí Ó Loingsigh

File ab ea Pead Buí Ó Loingsigh a rugadh ar Ghort na Tiobratan i mBaile Mhúirne. D’aistrigh a mhuintir thar teorainn go Cill Gharbháin agus is ansan a chaith sé formhór a shaoil. Thosnaigh sé ag cumadh filíochta agus é an-óg. Sár cheoltóir dob ea é agus sheinneadh sé an fheadóg mhór agus na píopaí uillinn. Ina theannta san, deirtear go raibh cumas ann chun daoine agus ainmhithe a leigheas lena ordóig – tinneas fiacaile agus a lán gearánta. Fear mór óil a bhí ann agus deirtí go mb’fhearr leis a taoscán dí na airgead a fháíl mar chúiteamh ar a shaothar. Ní nách ionad, tharraing san drochmheas ón gcléir air agus bhídísde shíor ag iarraidh é a chur ar bhóthar a leasa. Ní gá a rá nár réitigh so go maith le Pead, agus cuireann sé síos san amhrán so a thuairmí i dtaobh na cléire, idir shagairt agus bráithre, fiú go Pápa na Róimhe.

Chum Pead Buí roinnt eile amhrán atá ar eolas go forleathan, ina measc An Cailín Aerach agus Trucail Pheige Bhreátha. Leagan den amhrán a tháinig ó Bess Cronin atá anso.

Foinse: Bruach na Carraige Báine (dlúthdhiosca d’amhráin Dhiarmuidín CIC)

Níl mo shláinte ar fónamh ó scaras leis an ól so,
Ach casachtach agus ceo agus achrann mór im’ chroí.
‘S gurb é deirid na mnáibh óga  gur chúngaigh suas mo scórnaigh,
Is ná seinnfinn port ná ceol dóibh go rinncfidís dom ríl.
Ach éirigh-se go ró-mhoch, is cuir-se dhíot do bhóthar,
Is ná h-inis cuid ded ghnó dá maireann beo ded’ bhuíon.
Beidh an corc sa tiarsa romhat ann, na gloiní líonta ar bord ann,
Is dá gcuirfí fút a’ córda go gcaithfeá briseadh tríd.

Agus cuirse uait na feánna gus éirigh go dtí an bráthair,
Tógfaidh sé ar láimh thú is stopfaidh sé thú ar ól.
Tabharfaidh sé dhuit c’ráiste chun scarúint leis an áirseoir,
Mar is minic leat é páirteach nó in éineacht leat sa ród.
Tán tú anois id stráille, níl ór agat ná pláta,
Níl bean agat ná páiste ach do phíopaí lán de cheo,
Agus tiocfaidh an bás ort i lúib a’ chlaí nó i mbearnain,
Is beidh t’anam-sa go bráth in Ifreann dá dhó.

Tá mo chroí chomh dubh le h-airne nó le gual a buailfí i gceártain,
Ó d’airíos iad á rá go raibh Ifreann im’ chóir.
An sagart is an bráthair, an t-Easpag is an Pápa,
Ní thógfaidís mo pháirt muna stopfainn-se den ól.
Ach an landlady b’í a chráigh mé nuair a thug sí ‘n leabhar im’ láthair
Go n-ólfainn féin a sláinte ‘s go suífinn síos go fóill.
D’fhanas ar a’ stáid sin go maidin lá ‘r na mháireach,
Is mo mheidilí ‘s mo chártaí d’fhágas fén mbord.

Stadfad feasta ’em dhántaibh, ní mian liom a thuilleadh a rá acu
Ach go bhfuil Clanna Gael gan fálthas ‘s gurb amhail bheidh go fóill.
Táid amuigh fé’n mbáistigh ag grafadh ‘gus a’ tárlamh,
Is sagairt agus bráithre reamhar – choirp ag feoil.
Dá n-oirfeadh ola an bháis duit, ní chuirfí é ort láithreach,
Gan airgead nó pláta nó braonacha le n-ól.
Ifreann ‘tá lán díobh ‘dir shagairt agus bráithre,
Is lucht meidlí ‘gus cártaí go h-ard os a gcomhair.

Baile Mhúirne

Ba é an tOllamh Donnchadh Ó Laoghaire a chum an t-amhrán seo. Rugadh agus tógadh é i gCúil Aodha. Tá saibhreas a chuid Gaoluinne le cloisint i ngach líne den amhrán breá seo.

Chanadh Diarmuidín Maidhcí Ó Suilleabháin an t-amhrán seo nuair ná raibh éinne eile á chanadh go bhfuair sé bás go tubaisteach sa bhliain 1991.

Foinse: The Songs of Elizabeth Cronin (Dáibhí Ó Cróinín)

Tréimhse a chaitheas seal go h-aerach
I measc mo ghaolta go soilbhir sóil
Gan suim i gcleasaibh ná i gcúrsaí an tsaoil seo
Do chuirfeadh m’intinn ar seachrán
Thugas gean is urraim dom bhaile dhúchais
Fuair cion is clú ar fud Inse Fáil
Is ní thréigfead feasta don grá ró-dhlúth san
Do Bhaile Mhúirne go bhfaighidh mé bás.

Is breá í amharc a cnoic is a sléibhte
Is a gleannta féarmhar gach maidin cheoidh
Is fuaim gach caise ag sníomh go h-éasca
Go sroisid béal na mara móir’
Is breá iad coillte na gcrannaibh ndíreach
Ag fás go líonmhar i measc gach gleann
Go bhfaigheann an sionnach scáth is díon ann
An druid chiardhubh an broc is an creabhar.

Is ann do gheobhaidh tú an t-údar léannta,
Do fhíor-fhuil Éibhir na mbéimeann óir
Go bhfuil grá is urraim acu dá dteangaibh dhúchais
San Béarla brúite faoi scamall mhór
Ní staonfad feasda do Sheán ó Lóndain
Ach leanfaid clú a sinsear soghail
Chun saoirse thabhairt dá dtír gan diúltha
Mar a bhí ar dtúis in Éirinn óig

Is ann a gheofá an ainnir mhánla
Gur bhfonn le sárfhear suí seal ina treo
Go bhfuil a malaí ar dhath na háirne
Is a leacan álainn ar scáil na rós
Gur binne fuaim ná teangan Gaoluinne
Ná a  airís ariamh ar ghléasaibh ceoil
Ná Dáire Duanach do chuireadh suain ort
Bhí ag Fionn Mac Cumhaill i dTeamhair fadó.

Tá Baile Mhúirne go fairsing fáilteach
Ag riar ar tháintibh a ghabhann an treo
Go bhfuil grá is lasair i gcroí gach éinne
Rug barr ar aon ní dá bhfacaís fós
Bíonn triall na sluaite ar an dTiobraid Naofa
Tá le cian faoi chliú is faoi ghradam mhóir
Ach impím feasta ar Ghobnait Naofa
Bheith mar dhíon is scáth againn pé áit go ngeobham.